www.fgks.org   »   [go: up one dir, main page]

Clárú Léitheora

Fáilte chuig an bpróiseas iarratais le clárú mar léitheoir le LNÉ
  • Ba cheart d’aon duine atá os cionn 16 bliana d’aois ar mian leis nó léi úsáid a bhaint as bailiúcháin LNÉ iarratas a dhéanamh ar thicéad léitheora.
  • Go ceann trí bliana a bheidh an ticéad léitheora bailí.
  • Teastaíonn ticéad léitheora le dul isteach i ngach Seomra Léitheoireachta de chuid LNÉ, Seomra na Staire Muintire ina measc.
  • Chun ticéad léitheora a chuaigh in éag le trí bliana anuas a athnuachan, tabhair leat le do thoil do shean-thicéad léitheora agus d’aitheantas fótagrafach reatha go dtí oifig na dticéad i bpríomhfhoirgneamh na leabharlainne.
  • Má chuaigh do thicéad in éag níos mó ná trí bliana ó shin beidh ort iarratas a dhéanamh ar líne ar thicéad nua mar ní cheadaíonn oibleagáidí um chosaint sonraí (GDPR) dúinn faisnéis phearsanta a choinneáil roimh an dáta sin. Comhlánófar d’iarratas ar thicéad go pearsanta nuair a thaispeánfar an t-aitheantas fótagrafach reatha.
  • Bíonn Oifig na dTicéad ar oscailt ó Luan go hAoine, 10:30 r.n. – 12:30 i.n. agus 2:00 i.n. – 4:00 i.n.. Ar an Máirt bíonn sí ar oscailt 5:00 i.n. – 7:00 i.n. agus ar dhá Shatharn de gach mí ó 9.30rn – 1.00in. Féach NLI Opening Times.

Mura bhfuil ríomhphost deimhnithe faighte agat, déan cinnte gur féidir le do chliant ríomhphoist ríomhphoist a fháil ó no-reply@nli.ie agus úsáid an fhoirm thíos lena iarraidh go seolfaí an ríomhphost deimhnithe arís.