Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Meitéareolaíocht is ea an staidéar ar an aimsir agus gnéithe uile an atmaisféir chun an aimsir a réamhinsint[1] (ón nGréigis: μετέωρο, meteron, "go hard sa spéir"; agus λόγος, logos, "eolas"). Scrúdaítear an teocht, an brú agus an gal uisce srl i dtrópaisféar an domhain. Tugtar meitéareolaí ar eolaí sa réimse seo. Ceann amháin de na heolaíochtaí atmaisféaracha é an meitéareolaíocht, in éineacht leis an clíomeolaíocht, an fisic atmaisféarach agus an ceimic atmaisféarach.
I réigiúin ar leith, iarthuaisceart na hEorpa mar shampla, bíonn patrúin chasta san aimsir. Is féidir réamhaisnéis aimsire a dhéanamh don trí lá atá le teacht, nó don deich lá le teacht le hiontaoibh níos lú.
I réigiúin eile, fásaigh mar shampla, bíonn na patrúin comhsheasmhach.
Coimeádadh taifid ar an aimsir sa tSín chomh fada siar le 1216 RC.
- ↑ Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |