Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bac is ea damba, déanta as clocha, cré, coincréit, chun srian a choimeád ar uisce. De ghnáth déanann sé gnó eile freisin, mar shampla, cumhacht do ghineadóir hidrileictreach, uisciú, tuilte a smachtú.
Más damba carraigeacha is cré é, ní mór an dromchla in aghaidh an tsrutha a dhéanamh díonach ar uisce.
Damba Poll an Phúca, Cill Mhantáin
Damba Ard na Croise, An Clár
Is féidir le damba coincréite a bheith ina dhamba domhantarraingthe (seasann brú an uisce lena mheáchan amháin) nó ina dhamba aonstuach nó ilstuach.
- Aonstuach. Cuirtear damba aonstuach i gcainneon caol le ballaí carraigeacha, agus seasann na ballaí seo an brú ar aghaidh srutha an damba.
- Ilstuach. I ndamba ilstuach, úsáidtear tacaí taobh thiar de chun an brú ollmhór a sheasamh. Sa tSín a bhí na dambaí is seanda atá ar an taifead, ón 6ú haois RC.
Damba Inis Cara, Corcaigh
Polladh an damba Mohne, An Ghearmáin ar an 17 Bealtaine 1943