www.fgks.org   »   [go: up one dir, main page]

Jump to content

Briosca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaBriosca
Bunús
Tír dhúchaisGreat Britain (en) Aistrigh
Dáta cruthaithe1784
Sonraí
Cineálbriosca agus sneaic
Modh ullmhúcháinbáicéireacht
Príomh-chomhábhairplúr cruithneachta, siúcra, uisce, bainne, salann agus púdar bácála
Briosca breac le cnapóga seacláide.

Is císte beag crua é briosca a dhéantar trí thaos milis a fhuineadh go dtí go bhfuil sé briosc. Is breá le daoine iad a ithe agus iad ag ól taecaife nó deochanna eile. Itear mar scroid iad de ghnáth.

Is féidir iad a cheannach i mbosca, i mbeartán nó i mála. Bíonn siad ar fáil i gcruthanna éagsúla ar nós cearnóga, dronuilleoga, triantáin, ciorcail agus cruthanna eile nach iad.

Is iomaí cineál briosca atá ann. Tá cinn neamhmhilis agus cinn milis. Bíonn siúcra, seacláid, torthaí, subha, uachtar agus ábhair eile mar chomhábhair iontu nó mar mhaisiúcháin ar bhrioscaí.