Grafaic faisnéise - Cárta Gorm AE: tallann a mhealladh
Tá níos mó agus níos mó iomaíochta ann idir an tAontas agus cinn scríbe eile sa rás domhanda ar thóir daoine cumasacha. Chun oibrithe ardcháilithe a mhealladh agus a choimeád — go háirithe in earnálacha ina bhfuil ganntanas scileanna — nuashonraigh an tAontas an treoir maidir leis an gcárta gorm i mí Dheireadh Fómhair 2021.
Leis na rialacha nua, déanfar comhchuibhiú breise ar na coinníollacha iontrála agus cónaithe d’oibrithe ardcháilithe as tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus méadófar ar a tharraingtí atá cárta gorm AE.
Tá na Ballstáit in ann scéimeanna náisiúnta a choinneáil d’oibrithe ardcháilithe maille le scéim chárta gorm AE. Mar sin féin, leis na rialacha nua seo, tugtar isteach roinnt forálacha chun a chinntiú nach mbeidh sealbhóirí an chárta ghoirm agus a dteaghlaigh faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le sealbhóirí na gceadanna náisiúnta.
Mínítear sa ghrafaic faisnéise seo cad é cárta gorm AE, cé atá incháilithe agus cad iad na cearta atá ag sealbhóirí an chárta ghoirm.
Ar an Tairseach Eorpach um shoghluaisteacht ó phost go chéile (EURES), tá teacht ar fhorléargas ar fholúntais reatha, leideanna maidir le conas iarratas a dhéanamh ar phost agus eolas faoi dhálaí maireachtála agus oibre i dtíortha uile an Aontais:
Tá tuilleadh eolais faoi chárta gorm AE le fáil ar thairseach inimirce an Aontais:
Tuilleadh eolais faoin tslí a mbainistíonn an tAontas sreabha imirce:
- An imirce dhleathach: an treoir maidir leis an gcárta gorm chun oibrithe ardcháilithe a mhealladh glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 7 Deireadh Fómhair 2021)
- Beartas imirce an Aontais (eolas cúlra)
- An tslí a mbainistíonn an tAontas sreabha imirce (eolas cúlra)