Meileanóma

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Saghas ailse chraicinn atá marfach go minic, ag tarlú níos minice sa tír seo le blianta anuas. Meastar go bhfuil dhá phríomhchúis leis an méadú seo: déanann níos mó daoine níos mó bolg le grian níos faide, is iad níos noichte, go minic i dtíortha grianmhara, ná mar a dhéantaí; agus tá an ciseal ózóin laghdaithe, is níos mó den radaíocht ultraivialait ag sroichint dromchla an Domhain is craiceann na ndaoine.