Abraham Lincoln
Abraham Lincoln | ||
|
||
16ú Uachtarán
|
||
Leasuachtarán: | Hannibal Hamlin (1861-1865); Andrew Johnson (1865) | |
I bhfeidhmeannas: | 4 Márta, 1861 – 15 Aibreán, 1865 |
|
Réamhtheachtaí: | James Buchanan | |
Comharba: | Andrew Johnson | |
|
||
Dáta breithe: | 12 Feabhra, 1809 | |
Áit bhreithe: | Contae Hardin, Kentucky | |
Dáta báis: | 15 Aibreán, 1865 | |
Áit bháis: | Washington, D.C. | |
Céile: | Mary Todd Lincoln | |
Páirtí polaitíochta: | Poblachtach | |
Síniú |
B'é Abraham Lincoln (12 Feabhra, 1809 — 15 Aibreán, 1865) a bhí ar an séú hUachtarán déag ar na Stáit Aontaithe[1]. Bhí sé i bhfeidhmeannas ó 4 Márta, 1861 go dtí an 15 Aibreán, 1865. B'eisean an chéad uachtarán ón bPáirtí Poblachtach. Lena linn, chuaigh scoilt ar an tír faoi chearta na stát agus faoi cheist na daoirse. Sa deireadh, thréig cuid de na daorstáit sa Deisceart na Stáit Aontaithe go hiomlán, le stáit aontaithe eile, nó an Chónaidhm, a bhunú.
Phléasc cogadh cathartha idir an dá thaobh, agus thug Lincoln féin a bheatha sa choimhlint.
Clár ábhair
Na blianta cogaidh[athraigh | athraigh vicithéacs]
I Mí Mheán Fómhair, 1862, d'eisigh Lincoln an Forógra um Shaoradh ó Bhráca, rud a chiallaigh go raibh sé meáite ar a saoirse a thabhairt do na Gormaigh sa Deisceart, mar cheann de chuspóirí an chogaidh. Meastar anois go bhfuil sí ar cheann de na móróráidí is fearr a tugadh riamh i stair Mheiriceá.
Ar an 19 Samhain, 1863 thug Lincoln óráid ar a dtugtar Aitheasc Gettysburg. (Nó an Gettysburg Address i mBéarla). Féach anseo. Thuill óráid Abraham Lincoln ─ a cuireadh i dtoll a chéile le dúthracht ─ ardmheas ar an lá in ainneoin nárbh í príomhóráid an lae í.
Ar an 4 Márta 1865, thug Abraham Lincoln an dara aitheasc tionscnaimh leis, ag cur tús lena dara téarma mar uachtarán na Stát Aontaithe. Bhí John Wilkes Boothe, a d'fheallmharaigh é ní ba dhéanaí, sa slua.
Feallmharú[athraigh | athraigh vicithéacs]
Nuair a bhí an Cogadh na gCarad beagnach críochnaithe, d'fheallmharaigh duine de lucht leanúna an Deiscirt an tUachtarán in amharclann.
Ar an 26 Aibreán 1865, lámhachadh John Wilkes Booth, feallmharfóir Lincoln.
Ceapadh Andrew Johnson mar Uachtarán i ndiaidh feallmharaithe Abraham Lincoln sa bhliain 1865.
Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]
Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]
- ↑ Lincoln, le Seán TÓIBÍN (aistriúchán ar Abraham Lincoln le John Drinkwater) (1944)
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |